Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 157
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus Pádraig de Brúm an t-ainm do bhí air. Bhí sé in-a chomhnuidhe i gCnoc na Coille. Gach uair a théigheadh sé go Béal Easa bhíodh sé ar meisge. Lá amháin chuaidh sé go Béal Easa agus bhí trucall agus capall aige.
Nuair a bhí sé ag dul abhaile thuit sé in-a chodladh ins an dtrucall. Bhí beirt bhuachaill dárbh ainm dóibh Pádraig ó Gabhna agus Pádraig Devaney. Bídís i gcomhnuide af imirt cleas.
Nuair a chonnaic siad Pádraig ins an dtruchall agus é in-a chodladh dubhradar leo féin go mbainfidís an capall de'n trucall agus go gcuirfidís tacaí faoi'n dtrucall. Nuair a dhúisigh Pádraig leim sé amach as an dtrucall. Bhí sé ag dul abhaile nuair a chas sagart leis. Ar seisean leis an sagart. "An mise Pádraig de Brún?" "Nil fhios agam ar an sagart." "Má's mise Pádraig de Brún chaill me capall. Munar mise Pádraig de Brún fuair me trucall."- Bailitheoir
- Máire Ní Colmáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Corr Lomáin, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Brighid de Róisde
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Corr Lomáin, Co. Mhaigh Eo