Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean i bPáirc agus nuair a bhíodh droch aimsir ag teacht bíodh pian in a buinní agus bhíodh pian i ngach cnámh in a corp. Nuair a bíonn géaga móra ó'n ngréin bíonn droc aimsir ag teacht. Nuair a bhíonn fhainne thar timcheall na gealaigh sin comartha feartainne freisin. Má chímíd scanaill mhóra dhubha san spéir bíonn fhios againn go bhfuil an droc aimsir chugainn. Nuair a bhíonn bogha leac ós cionn Rinn Aine bheid an lá go dona agus nuair a bheidh bogha leac ós cionn Néifín beidh an lá go maith. Nuair a tagann na gaoileain ó'n bhfairrge sin comartha stoirme. Nuair a bhíonn an gaoth andeas ag séideadh beid fearthainn in a dhiaidh. Má bhíonn an crotach glórach ag feadgail tá an fhearthainn in gar dúinn. Nuair a bhíonn aimsir bréag ag teacht bíonn na cathaoireaca ag gíosgad. Nuair a bionn cuirmíolta amuig agus siongáin ar nós na díleann. Nuair a thagann an dubhán alla(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Oibicín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Oibicín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann