Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 165
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíonn na faoileáin ag eitilt ós cionn na talamh bíonn stoirm ar an bhfairrge.
- Tá a lán rudaí i dtaobh na h - aimsire ar eolas ag na sean daoine. Tá rudaí ar eolas aca fé'n ngréin, fé'n spéir, fé'n ngealaigh, fé na h - éanlaith agus rudaí sin. Bíonn an dheas ar dtús. Annsin tagann néalta móra dubha tar an spéir. Annsin tuiteann an bhaisteach go trom. Uaireannta eile cuireann an car a druim leis an teine. Sin comharta droch aimsire. Tá go leor conarta ag na h-éanlaithe freisin. Nuair a eitealann na faoilleáin go h-isheal sin comhartha fearthainne agus nuair a eitealann siad go h-árd tá stoirm ag teacht. Uaireannta nuair a bhíonn na daoine amuig ag romhar tagann sgata de míoltógaib beaga agus bíonn siad ag cur isteach ar na daoine. Ghníonn siad an obair chomh tapaidh is is féidir leo. Tá fhios aca go bhfuil droc aimsir de shórt éigin ag teacht. Bíonn fhios an mhaith ag na marnéalta mar gheall ar na comharthaí sin.
- Bailitheoir
- Máire Ní Giolla Deacair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo