School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Page 167
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Daoine CáileamhlaBhí fear in a chomhnuidhe i Rinn-Áine dárbh ainm Tomás Ó Gallochabhair. Ní raibh faitchíos air róimh éinne agus seo é an chaoi a thaisbeán sé é. Bhí fear in a chomhnuidhe ins an dTurlach dárbh ainm Mac Gearailt agus marbhuigheadh sé gach duine a gheibheadh sé ar a thalamh agus dá gcasadh Cataoileach leis marbhochadh sé é mar bhí fuath aige do na Caitlicidhe. Bhí faitchíos ar gach duine roimhe.
Nuair a chuala Tomás ar an bhfear sin níor stad sé go ndeacha sé go dtí an Turlach agus cas Mac Gearailt leis ar an mbothar. Cuir Tomás fáilte roimhe agus d'fiafruigh Mac Gearailt de cé'n t-ainm a bhí air. "Tomas O Gallochabhair" arsa seisean. "Tá mise ag glaodhach Tomás Caiptin ort" arsa Mac Gearailt.
Tháinig Tomás abhaile annsin agus thosuigh sé ag tarraingt cloch le na capall agus ins an oidhche chuir sé isteach go Sruth Garb é agus ní raibh aon cead aige. D'fhan sé istigh leis an gcapall acht i gcionn tamaill tháinig na fir agus ceard a rinne Tomás acht leimt ar an(continues on next page)- Collector
- Máire Úna Nich Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Foxford, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Ruadháin
- Gender
- Female
- Address
- Foxford, Co. Mayo