Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Leathanach 243
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní phósann na daoine anois ins an slighe do phós na sean daoine. Chuaidh cúpla daoine go dtí teach an chailín agus do dheineadar cleamhnas di. Cúpla oidhche roimh lá an phósadh bhíodh féasta mór i dteach an fhir agus téigheadh an cailín ann. Bíodh na daoine as an bparóiste go léir ann agus bíodh síad ag damhsa.
Bíodh duine ag déanamh ceóil ar an fidil, téigheadh alán buachaillí ann agus bíodh hataí móra ortha. Bíodh síad gléasta go deas agus téigheadh síad go gach féasta mar sin. Lá taréis pósadh na beirte bíodh féasta eile. Ghéibheadh na sean daoine agus na fir gloine uisge beatha nuair théigheadh síad ann.
Ní théigheadh mórán daoine -aosta go dtí na féastaí acht bhíodh féasta eile dóibh féin taréis an phósadh.
Leath-céad blian ó shoin do dhean na daoine cleamhnais acht céad blian ó shoin chuaidh na fir ó teach go teach agus ghoid síad gach cailín deas. Annsan bhí ar an cailín fear ar bith dó cheap na daoine dí do phósadh. Nuair a bhí sí pósta thug a h-athair bó agus leabha agus bosca mór agus ceithre cosa faoi dí. Do bhí ar an máthair cúpla púnt a thabhairt dí.- Bailitheoir
- Máire Ní Dhéisigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo