Scoil: Naomh Eoin, Béal Easa (uimhir rolla 14176)
- Suíomh:
- Ceathrú na Líne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Oide sa chlochar
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 250](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0125%2FCBES_0125_250.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 250
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí a lán céardanna ag na seandaoine fadó agus b'é sin an slighe-bheatha a bhí aca.
Déanamh Ciseáin. Ar dtús cun a buinn do dhéanamh geibhtear slata sallaidh agus fightear isteach iad go dtí go mbíonn sé cruinn. Annsin cuirtear cúpla slata mór mór thimcheall air, agus cuirtear slata cosamhail leó có-treamhar leo. "Saiteán" a tugtar ortha. Leantar mar sin isteach is amach go mbíonn siad fighte go tiugh. Fágtar suas an caisín mór thimcheall i gcómhair ciseáin éadaighe, agus cuirtear síos é isteach is amach fé'n mbonn, i gcómhair ciseain móna.
Déanamh Bairrille. Bhì a lán cuipéir san cheanntar seo fadó. Ní raibh uirlisí aca fé mar atá ag na cuipéir anois. Órd an t-aon rud mór a bhí aca, ach bhí rudaí beaga eile aca i gcomhair fonnsa. An céad rud a déantar ná an fráma do dhéanamh. Seo mar a deintear sin. A trí nó a ceithre píosa d'adhmad d'fághail, agus iad do gearradh ar a mbánn cun iad do dhéanamh cruinn. Annsin cuirtear na fonnsa mór thimcheall ortha, agus annsin beidh sé críochnuighthe.- Bailitheoir
- Máire Ní Oibicín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo