Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 124
- XML “Paidir Nuair a Bhlaonns an Coileach”
- XML “Ofráil na Maidne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidir nuair a blaodhanns an CoileachDeagh-sgéal ó Dia chugainn
An té a thug an glór sin duit
Go dtugaidh Sé glór na bFlaithis dár n-anam.
Amén - Ofráil na MaidneUmhluighim agus impidhim mé féin duit a Mic Dhílis Dé agus a Mhaighdean glórmar cumachtach beannuighthe.Tugaim moladh mór agus buidheachas duit ar son mé féin agus mo chomhluadar a thabhairt slán ó bhás na hoidhche. Ó thug Tú slán ó bhás na hoidhche sinn go dtugaidh Tú slán ó bás an lae muid. Slán ó chuile urcóid agus o chuile anachain, o chuile tinneas agus ó chuile tromas, ó gárla gránda, ó aicíd agus anachain na bliadna.Go gcoinnighidh Tú ar dheagh-stáid agus stáid na grásta muid agus nár thugaidh Tú nídh ar bith insan saoghal seo dúinn a bhainfeas glór Rioghacht na bFlaithis d'ár n-anamneacaibh bochta an lá fhágfas muid an saogal seo.Go dtugaidh Tú suaimhneas siorraidhe do na hanamneacha bochta atá ar slighe na marbh. AmenFuair Mell Níc Suibhne na paidir sin ón a máthair mhór Bean Mhic an Bhaird (72) Leitir Fraigh, Co na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Mell Níc Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic An Bháird
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Leitir Fraic, Co. na Gaillimhe