Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 244
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- PósaidhtePósann daoine san áit seo ins an Inid agus cuid aca ag an gCásg. Déantar cleamhnas ann agus tugtar airgead agus stoc mar spré. Sul ar déantar an cleamhnas cuireann siad cúntas le duine de muintir an mna ag féachaint an mbeadh fáilte roimhe. Is dá mbeadh tiocfaidh sé go mall san oidhche nuair a bhíonn na comarsana in a gcodladh. Bíonn duine d’a mhuinntir féin leis. Bíonn buidéal uisge beatha leobh agus tabhaireann siad do muinntir a tighe é.Socruigheann siad an méid airgid agus stoc a tabharfadh siad dó.Ní adhmhail bean a dul amach ag iarraidh fir. Is adhmhail fear a casadh dóibh agus iad ag dul ag posadh acht ní adhmhail bean a casadh leo.Bíonn bainis maith aca an oidhche sin agus bíonn feoil agus fatai aca le haghaid an suipéir.Bionn cleamaire ann chomh maith. Bíonn gúnai bána orra agus hatai cothain agus bíonn siad gléasta le ribíni daithte. Bíonn fáilte mór rómpa i gcuid de na tighthe agus gheibheann siad deoch ann acht ní leigeann cuid eile de na daoine chor ar bith iad agus ní thabhaireann siad biad na deoc doibh.Bíonn maide móra leo agus uaireannta buaileann siad na daoine leo.
- Bailitheoir
- Róise Ní Tachair
- Inscne
- Baineann