Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 198
- XML “Scéal”
- XML “Crónán Cois Teallaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maithe ann mé,
Ba dona an cuimhneamh don mnaoi óg nac bhfanfadh le brígh mo sgéil.
Dá d'tarrainge ar an gcruach, b'fusa don sluagh dul imo dhiaidh".Thóg sé leis í amac as teach na bainse isteach in a long agus d’imthigh leis. - Cronán cois Teallaigh
(1)Bhí fear amuigh go mall san oidhche ag marcuigeacht ar chapall. Níor airigh sé rud gur léim cat suas roimhe ar an diallaid. Ní ndearna sé rud acht an tslat a bhí in a láimh a iompódh agus buille trom a bhuaileadh sa gceann air. Thuit an cat ar an mbóthar agus nuair a bhí sé sínte labhair sé leis an fear agus dubhairt sé."Nuair a gabhfas tú abhaile anocht innis do Cronán cois Teallaigh fur marbhuigh tú Mágeamh aréir”.Nuair a bhí an fear in a suidhe cois teine d'innis sé an sgéal d'á bhean. Chuala Crónán é. Ní luaithe a bhí sé innste aige ná gur léim sé siar ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)