Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)

Suíomh:
Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Shamhna bíonn na fir ag tarraint gabáiste agus ag bualadh gach doras leis. Má labhruigheann sean-duine leo beidh siad pósta le sean duine agus má is duine óg bheidh siad pósta le duine óg.
    Bíonn na páisti óga ag imirt cleasanna le fo-chupáin agus ag tógáil uball agus airgead as an uisge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Tachair
    Inscne
    Baineann
  2. Oidhche Samhna bhí fear ag tarraint gabáiste agus bhí sé dorcha. Nuair a bhí sé dá dtarraint thainig fear chuige agus dubhairt sé leis dá dtabharfadh sé an gabáiste abhaile leis an cead fear a thiocfadh isteach ar maidin bheadh a ingean pósta dó. Do b’é an fear a tháinig isteach Pádhraic O Coumhucháin agus níor mhaith leis an fear é agus chaith sé an tlú in a dhiaidh. Rith sé amac as an teach agus níor phós sé an cailín. Do tharla sin i Dúbhloch, Iorrus.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Oidhche Shamhna fadó chuireadh daoine uisge isteach i gloine. Bhriseadh siad ubh isteach ann agus chuireadh siad clúdach ar an gloine go maidin. Dá mbeadh long agus fear ann is le caiptín luinge a bheadh siad pósta. Muna mbeadh ann acht stíocai tríd an uisge ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.