Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 569

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 569

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 569
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ciste Óir
    Bhí fear na chomhnaidhe in Ioruis fadó agus do réir sgéalta na sean-dhaoine deirtear go dtáinig meath aige aon lá amháin agus dubhairt leis go raibh ciste óir in áit éigin ina chuid talaimh féin agus go bhfuigheadh sé ribín gorm agus eascon san áit mar comhartha. Chuaidh an fear amach ar a fháirnis lá ar na bhárach, chuartaigh sé a chuid talaimh agus fuair é sa deireadh. Chonnaich sé an ribín agus an
    t-eascon. Thosaigh sé annsin agus rinne sé poll san áit ach ar deireadh níor airigh sé na gur léim an
    t-eascon síos ann. Tháinig faitchíos ar an bhfear nuair a chonnaic sé an t-eascon agus ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé ach bhí an oiread sin faitchíos air gur fhág sé an ribín agus an t-eascon annsin agus d'imthigh leis abhaile. Fágadh an sgéal mar sin. Ní raibh aon chainnt ar an gciste go ceann bliadhanta fada in a dhiaidh sin. Ach ar deiread tháinig sean trumpa thart thimcheall na
    h-áite agus deirtear nár fhág sé piginn ar a thús na ar a dheireadh ariamh nar ól sé. Lá amháin bhí sé ag siubhal thart agus tháinig go dtí an áit seo, chonnaic sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Greamhchoill, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Mach Graith
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Greamhchoill, Co. Mhaigh Eo