Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 746
- XML “An Fear Feasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus rugadh mac dó. Bhí sé mar béal-oideas san áit go mbéad 'fios' ag aon pháiste a gheobhfadh trí braon as gob fiacha duibh idir lá a bhreithe agus lá a bhaiste. An maidin réis breith na leinbhe thóg an fear a ghuna agus amach leis ar lorg fiacha duibh. Bhí sé ag siubhal is ag cuartadh go dtánaig dúin is deireadh an lae ach súil níor fág sé ar fhiach dubh b'fearacht sin leis an dara lá chomh maith. Maidin Dé Domhnaigh a beadh an treas lá agus bhí an páiste le baisteadh an lá sin. Le breacadh an lae bhí an fear in-a suidhe. Ghléas sé é féin is chuaidh amach. Ach ní raibh bealach fada le dul aige an lá seo mar céard a bhéadh
i-na shuidhe go sásta ar chruach mhóna taobh leis an teach ach fiach dubh. Rug an fear ar an bhfiach dubh gun a marbhuigheadh agus thug sé trí braon as - gob an éan d'on mhac. D'fhás an páiste agus cuaidh sé anonn i mbliadanta. Nuair a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)