Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 680](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0130%2FCBES_0130_680.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 680
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 680
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aoine Chéasta
Seo é an lá a crochadh ár Slánuightheóir. Bhíodh trosgadh trom ar an lá seo fadó. Ní óltai acht taé dubh ar feadh an lae agus nior bh'fhéidir blaiseadh d'im no d'uibheacha. Deirtear dá dtugadh duine Turas na gCros cúig uair déag an lá sin nach n-eireóchadh Dia impidh ar bith a d'iarrfadh an duine sin air.Leigeann na mná a gcuid gruaige síos le fánaidh an lá sin agus ní chíorann nó ní cuireann suas é go mbí sé i ndiaidh an trí a chlog tráthnóna.Deirtear gur mar sin a bhí a cuid gruaige ag an Maighdean Ghlórmhar an lá sin.
Dómhnach CásgaBíonn péire uibheacha ar a luighead ag gach duine i gcómhair a bricfeasta ar maidin Dómhnach Cásga. Creideann na daoine go ndamhsuigheann an ghrian le h-áthas an lá sin agus duine ar bith a bheadh n-a shuidhe go moch agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mhaigh Eo