Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 689

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 689

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 689
  3. XML “Ainmhithe na Feilme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmhidhthe na Feilme
    Tá ba, caoirigh, capall; muca, cearca, lachain agus geadha againn sa mbailte. Nuair a bhíonn m'athair ag tiomáint na mbó má théigheann ceann aca isteach thar claidhe déarfaid sé "doiris."
    Tugtar stábla ar an teach i mbíonn na ba ann. Cuirtear fóideóg briste grabhar cochain agus cíb dubh mar easair faoi bhuaibh. Tá stáca sáidhte sa talamh i n-aghaidh an bhalla agus timcheall ar sin atá an uigin. Cuirtear an buathrach isteach san uigin agus annsin timcheall muinéil na bó le na ceangal. Deantar na ceangail sin sa gceanntar.
    Nuair atá bean ag bleághan tarrnuigheann sí sruth as gach aon ceann de na sithneadh agus dóirteann ar an talamh é. Deirtear go mbeidh an bainne níos glaine annsin. Deirtear "wó" leis an gcapall nuair atá tú ag iarraidh air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge