Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 772

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 772

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 772
  3. XML “Cúirt Bhaile Nua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá breágh da'r éirigheas ar maidin 's mé ag triall go Cúirt Bhaile Nua
    Cé d'fheicinn acht mo Nellie go ró dheas
    N-a seasamh ar Oileán an Rí.
    Bhí an bráth (brollach) aicí ba ghile na an eala
    'S ná an sneachta do thárla ar an gcraoibh.
    Bhí an dhá chíos chómh cruinnighthe nár féacadh 's
    Nár milleadh le sméaracht na h-oidhche
    'S nach fada mo chosa gan bróga.
    Nach fada mo phócaí gan pinginn.
    Nach fada bhíos ag ól le mná óga
    's níor fhéad mé a bheith ag ól le mo mhian.
    Sé mo léan géar nach bás a fuair m'athair
    Nuair a liostáil sé in arm an Riogh
    Acht sí an uaigh í mo chruaidh leabhaidh gainnimh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Núadhain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    S. Muilleach
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Ní fios
    Seoladh
    Gort Meille, Co. Mhaigh Eo