Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 641
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocla.
1. Is iomdha cor sa tsaoghail.
2. Is iomdha fearr buaile thairbh ná buaile folamh.
3. Is fearr greim tirm ná dhá ghreim fliuch.
4. Ná creid lucht pisreóga.
5. Ná caith do shaoghail díomhaoin.
6. Ná bí ró dhána ar an bhfarraige.
7. Is maith an ancaire an bac.
8. Muna raibh tú i dteach an bhidh bí sa teach
le na thaobh.
9. Ná déan dóich go do bharamhail.
10. A dhuine fhéin a loiteanns Dia.
11. Ná déan ionad coinnigh le h-aghaidh an
Dómhnaigh.
12. Déan mar a déarfas mé acht ná déan mar a
dhéanfas mé.
13. Acht a beag an fheól ba mhór a bhfiú an
anbhruith.
14. Síleann tón ar thalamh gurb é fhéin an fear is
fearr.
15. Nuair a bhíonns an bhó sa bhfásach ní
bhíonn aon mheas ar bhun an fhéir aici.
16. Múin do do mháthair leite a dhéanamh.
17. Margadh réidh a shásuigheanns beirt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Nuadhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort Mór, Co. Mhaigh Eo