Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 610
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit Ainmeacha.
Poll an Óir - i n Greabhchoill. Long a briseadh. d'imthigh an bosca isteach leis an lán. Fuair bean amháin piosa óir agus fuair sí £4.10 air. Fuaireas an bosca acht ní raibh ann acht 10/-.
Sliabh an Ime - Chuirthi an t-im ann in aimsear an droch shaoghal le na chur i bhfolach ar an siorraimh
Gort Breac - Cloch bhreach ar a léightí aifreann fadó.
Portaigh an lín - Bhí lín ag fás ann tráth
Barr na Shgoithe: Piosa talamh atá ag dul amach sa bfairrge.
Uaigh an tSalainn. Bhiodh na daoinibh ag deanamh salainn san áit sin fadó le potaibh
Uaigh Labhrais: Fear darbh ainm Labhrás as Gleann a Ghad a báitheadh annsin.
Uaigh Bhrighde. lá amháin bhí daoinibh ag teacht isteach i n-éis bheith ag piocadh fraochóga agus báitheadh bean darbh ainm Brighid ann
Carraig an Chláir. - Clár amach go dtí an charraig
Uaigh na bhfear - báitheadh 30 fear tháinig na cuirp isteach timcheall 100 blian.
Gleann a Ghad - Páirtídhe éigin a tháinig i dtír agus thugh siad a n-ainm don bhaille(leanann ar an chéad leathanach eile)