Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 677
- XML “Féilí na Bliana - <span class="exact">Oíche</span> <span class="exact">Shamhna</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilí na Bliana
Oiche ShamhnaTéigheann buachaillí óga an bhaile amach tríd an dúithche agus tarrnaigheann cúpla crann cabáiste as gach páirc in a bhfuilid ag fás agus sgeannann siad iad ar na bóithre. Deairtear gus toisighead leis seo timcheall céad go leir bliain ó shoin agus gur fear saidhbhir a chuir bonn leis. Bhi go leor bó aige agus nuair a théigdís isteach i ngáirdín gabáiste na cómhursan shaighdtí an mada ionnta. Ba mhaith leis an bhfear seo an talaimh uilig bheit n-a chuimín ó lá Sahmna amach agus chuimhnigh sé ar an seirt seo leis an gabáiste a glanadh amach. Dar nhóigh ní theastuigeann móran spreagardh ó aos óg le obair mar seo a dheanamh.Gearann fear óg nó bean óg na leireacha ar fad amach i ngiota páipéir agusleagan ar fad iad isteach I bpláta uisge bun os cionn. Na cinn a bhéas iompuighthe I gceart ar maidin deirtear go ndeanfaidh siad sin ainm an duine a bhéas mar céile aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Cabhail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Nuadhain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mhaigh Eo