Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 167
- XML “An Phaidir Gheal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luighim-se le Dia, go luighidh Dia liom,
Sgáth Dé, ós mo chionn,
Cros (Crios) na nAingeal faoi mo chom.
Cá luighfidh tú anocht?
Eadar Muire a's a mac
Eadar Brighid a's a brat
Eadar Colmcille a's a sciath
Eadar Dia a's a lámh Dheas.
Cá n-éireochaidh tú amárach?
Éireochadh le Pádhraic
Cé iad seo i n-ár n-aghaidh?
Dhá cheád aingeal
Cé iad seo i n-ár ndiaidh?
An oiread seo eile dhe mhuinntir Dé.
Druid na dúin faoi Ifreann
A's foscail geata Flaithis Dé,
Leig an tsoillse mhór amach,
A's an t-anam truaigh isteach.
Ó, a Dhia, déan trócaire orainn,
A's Mac na hÓighe go bhfuighidh ár m-anam.
Pádhraic Ó Gallchobhair
Corrán Buidhe, a d'innis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Gallchobhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo