Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an chéad rud a dhéanas tú nuair atá tú ag déanamh arán fataí ná fataí bruithte a fhagháil agus na craicne a bhaint díobh; annsin a gcur isteach I mbáisín agus gráinne salainn a chur orra agus iad do bhrúghadh le cupa nó rud mar sin. Nuair a bhéadh an méid sin déanta chuirfeá gráinne plúir air agus shuaithfeá an t-iomlán go maith. Gheobhfá an t-oighean annsin agus ghlanfá é agus chuirfeá síos ar an teinnidh é le é do théigheamh. Annsin chraithfeá gráinnín plúir thart san oighean agus chuirfeá síos an cáca ann le n-a bhácáil. Gheobhfá an clúdach annsin agus chuirfeá ar an oighean é . Chuirfeá cúpla aithinne ar an gclúdach agus roimh i bhfad bhéadh an cáca bácáilte.
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo