Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 186](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_186.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 186
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 186
- XML “An Gréasaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl mórán gréasuidhe thart annseo mar bhíodh fad'ó. Bhí go leór gréasuidhe annseo fad'ó, agus chomhnuighdís an-ghar d'á chéile. Nuair a bhéadh bróga le deasú nó péire bróga le déanamh ní bhéadh i bhfad le dul agat. Anois níl ach gréasuidhe taobh istigh de chúig mhíle de'n áit seo, ach tá caibléaraí annseo le bróga a dheasú.
Teastuigheann go leór uirlisí ó gréasuidhe le bróga a dhéanamh - Teastuigheann meanadh, ceap, casúr, táirní, cnáib, agus sgian leis an leathar a ghearradh. Teastuigheann an meanadh leis an bhróg a fhuaghail; Teastuigheann an ceap leis an bhróig a choimeád díreach ó bheith ag corradh, Teastuigheann casúr leis na táirní a bhualadh, agus an cnáib leis an bhróig a fhuagháil.- Bailitheoir
- Máire Ní Bhroin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo