Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 198
- XML “Ag Díol Stoic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Téigheann na daoine thart ó theach go teach ag ceannach stuic mar theighidís fad'ó.
Fad'ó théidheadh daoine thart ag ceannach stuic agus nuair a bhíodh siad ghá gceannacht d'íocadh siad "pighinn sonais" leis an díolathóir. Ní bhíodh an 'pighinn sonais' níos mó ná cúig sgilling.
Nuair a bhíodh an margadh dhá dhéanamh agus duine ag iarraidh níos mó ná an méid a bhí an duine eile sásta a thabhairt scoilteadh an tríomhadh duine an difríocht. Ar deireadh bhuaileadh siad bosa ar a chéile agus bíodh sé sin in a chomhartha go raibh an margadh déanta.
Ina dhiaidh sin gheibheadh an ceannuightheoir séala agus mharcáladh sé an t-ainmhidhe, agus d'fhágadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhroin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo