Scoil: Ceathrú Thaidhg (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí in Éirinn fadó agus bhí sé pósta agus bhí mac amháin aige tógtha suas ina phrionnsa óg. Téigheadh sé amach ag suibhal dó féin gach lá. An lá seo nuair bhí sé amuich casadh bean leis agus d'fhiafruigh sí de an imreóchadh sé cluiche cardaí nó dísle.
Dubhairt sé leis nach raibh a ghléas imeartha ar an mbaile leis. Dubhairt sise go raibh an gléas léithí féin. Tharraing sí amach slaitín draoidheachta agus rinne sí dhá chathaoireacha óir agus bord airgid agus chaith sí amach paca cardaí ar an mbord. Seárd a bhéas annseo ar sise an chéad duine a chuirfear an cluiche ar an duine eile chuirfeadh sé a geasa nó leigeadh sé dhó.
D'imir síad ó láimh go láimh go dtí an lamh dheiridh agus d'eirigh leis an gcailín an cluiche a chur air. Dubhairt sé leithí a geasa a chur.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Gallchobhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Corrán Buí, Co. Mhaigh Eo