Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 106](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_106.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 106
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 106
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)plúr orthu, déantar an caca ar chuma chruinn agus cothrom timpeall orlaigh ar raimhe. Déantar ceathramhana de agus bácáiltear é san oigheann. Téightear arís é sul n-itear é. Cineál fataí - Dates, Aran Brief, Aran Victor, Kerr's Pink, Epicure
Is é Kerr's Pink an ceann is fearr ach níl aon cheann acu go maith. Bíonn na dales maith go leor ar thalamh gainnimh ach ta siad dul i ndonnacht gach uile bhliain.
Starch : Tuairim trí scór bliain ó shoin do dhéantaí starch as na fataí, Do dhéantaí é go díreach mar a mbeithfidh ag déanamh bacstaí.
Scríobtaí na fataí, dfháiscthe an t-uisce astu agus bhíodh an starch ar thóin an bháisín. Ní dhéantaí tada leis ach é a bhruith mar bruitear starch an tsiopa faoi láthair agus na léinteacha agus na bónaí a thumadh ann. Bhíodh léinteacha bána an uair sin ar na fir agus bónaí árda orthu. Nuair a thigeadh siad ón aifreann nó ón aonach bhaineadh siad díobh iad agus sheasadh léine amháin ní féidir b'féifir sula mbeadh sé riachtanach a nithe nó a dhéanamh suas arís.- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)