Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 105](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_105.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 105
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 105
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)falcaire - fata mór bog. Fata fabhtach - fata mór lobhta istigh. frís - fataí beaga suaracha agus cuid acu ag fás ar an ngas ós cionn na créafóige.
Teallachán fataí - fataí dá róstádh ar an teallach
Cailleach -an sean-fhata ar fhás gas as
Iomairí an focal atá anseo agus drilleannaAn BiadhTuairim chúig bhliana ó shoin do dhéantaí go leor "bacstaí" anseo ach anois táthat ionann plúr a cheannach agus níl aon mheas ar an mbacstaí.
An chaoi a ndéantaí é : Baineadh an craiceann de fhataí móra. Nigheadh iad. Bhíodh píosa stain acu a bhíodh pollta ag táirne. Scríobtar na fataí isteach i mbáisín. Dfháiscí na fataí scríobtha i bpíosa éadaigh go mbeadh a t-uisce bainte astu. Bhíodh na fataí fáiscthe i mbáisín agus an t-uisce i mbáisín eile. I gceann tamaill bhíodh an 'starch' le fágáil fá an uisce. Chuirfí an 'starch' leis na fataí fáiscthe. Chuirfí dorn plúir air lena thriomú. Chuirfí ar pana é nó i n-oigheahnn go mbeadh sé bacáilte. Is minic a bruithte arís e i leamhnacht agus má bhíonn sé déanta i gceart níor blaiseadh aon arán ariamh a bhí chomh milis leis, ach amhaill le gach rud eile is beag duine a bhíodh ionann a dhéanamh mar ba chóir.
Cáca fata : Brúightear na fataí bruite. Cuirtear beagán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)