Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 155
- XML “Amhrán Eile ar Chogadh an Talaimh”
- XML “Arán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí Howard ar thaobh an bhóthair le guna roimhe. D'feuch Howard a chaitheamh acht nior imthigh an t-urchar. Mhothuigh Sydney torann an bhuailteóa agus mharbhuigh sé Howard le piléar as a ghuna féin.
- Bhíodh arán eornán agus arán mine coirce aca fadó. Bacti, agus arán déanta as fataí - cáca fatai (an cáca is deise dár itheadh ariamh) Ní bhíódh arán cruithneachtan aca acht um Nodlag. Gheobadh gach bean tighe cloch nó dhá cloich plúir le h-aghaidh na Nodlag.Bhíodh máilín eornán ar crochadh ar an mballa os cionn na teineadh d'á thrimadh. Meilte í do réir mar bhíodh an mhin ag teastáíl. Uisge fuar a cuirtí san min eornan nó min choirce. Bhiodh cuma cearcaill ar an gcáca agus é tuairm ordlach ar airde. Cuirte é annsoin ar leic an abhainn os cómhair na teineadh go mbíodh sé bruithte. Bhiodh an leac ina a seasamh agus taca léíthe - cúpla fód b'féidirBhíodh arán eile ag daoine fior-bhochta. Déantai cáca le mini bhuidhe ar an dóígh ceudna a's a déantaí an cáca min-choirce. Cuirtí annsin é idir duilleóga cabáiste ar leac an teallaigh agus an griosach anuas air. Is minic a chualaidh mé go mbíodh sé go h-an-mhilis acht ní fhaca mé féín(leanann ar an chéad leathanach eile)