Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ariamh. Déantaí an bactai ar an dóigh cheudna go minic
    Oidhche Nodlag (24'adh) i dteach m'athar cuirtí sios pota mór fatai. Déantaí cácaí fatai asta agus cé go mbiodh arán cruithneachtan agus arán milis ar an mbord ní bhlaistí aon arán an fhad i's bhíodh an t-arán fataí le fagháil. Bhiodh sé againn corr uair i rith na bliadhna acht ní bhiodh sé chómh fluirseach in am ar bith i's bhíodh sé an uair sin.
    Bhíodh cáca mine coirce againn chómh maith mar bhíodh fonn ar mo mhuinntir an oiread chineál aráin a sholáthar le haghaidh na hócáide sin i's a d'fhéadfaidis.
    Ní dhéantar an bacstai, an cáca fatai no cineál cáca ar bith acht cáca plúir ghil agus gach uile lá tá daoine ag dul go Caisleán a' Bharraigh le snaidh[n?] ar stéig
    Abhan - an soithcheach le haghaidh an cáca a bhruith.
    Róistín - Sílim nach bhfuil an gocal greideall annseo
    Cuirtear cros ar an gcáca go fóill le sgian.
    Síltear go n-éirigheann sé nios fearr.
    Bróintí: Tá na sean-bhróinte annseo go fóill acht ní dheantar aon úsáid diobh anois.
    [Ar] an poll a gcuirtí an grán sios ann. Bhí píosa iarainn san bpoll
    An chos
    [ ]
    Na bróintí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge