Scoil: Eanach Mór (uimhir rolla 13912)
- Suíomh:
- An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mártain Ó Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eanach Mór
- XML Leathanach 28
- XML “Seanfhocail agus Cora Cainte”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)133) Faoi-bheirim do shláinte agus sláinte an tíghe a bhfuilinn (?) ann, idir corp, ceirt agus crann, iomadaidhe bídh , brat agus díghe, agus sláinte gach aoin dá bhfuil istígh ann.( ceirt clothes? crann roof? brat covering )
134) Go dtachtar na pócaí (le airgead) (déarfaidhe le bean a' tíghe nuair a thiocfadh sí isteach le lán aprún d'uibheacha)
135) An té nach gcleachtuigheann na buaitaisí dearmhadfaidh sé na spuir (Nuair nach bhfuil tú déanta ar dearmadfaidh tú rud a bhaineas leis)
136) Seán a bhí ar m'athair-sa
Seán a bhí ar d'athair-sa
Seán a bhí ar athair na bpáistí
Seán buidhe súgach aigeantach luthmhar
Bhuailfeadh sé tune ar an gcláirsigh
137) An rud nach ngoidthear fághthar é (nuair a gheobhfaidhe rud a bhí ar iarraidh gan coinne le'n a fhághail) - Fear siubhail a bhí ag dul an bhóthair agus chuaidh sé isteach i dteach agus bhí an dinnéar réidh acu. D'iarr siad air suidhe isteach ag an dinnéar agus shuidh. D'ith sé agus d'ól sé a sháith. Nuair a bhí sin déata aige dhearc sé ar bhean a' tíghe agus dubhairt sé "Tobac i n-éis bídh agus ar bhean a' tíghe a bhíonn sin." D'fhreagair bean a' tíghe é agus dubhairt sí leis, "Níl bacach dá dtéigheann(?)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mártain Ó Braonáin
- Inscne
- Fireann