Scoil: Eanach Mór (uimhir rolla 13912)
- Suíomh:
- An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mártain Ó Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Unpublished Irish Songs - Barr an tSléibhe
“A Mháire tá díthchéille ort,”
A Mháire tá díthchéille ort,
Nach dtigeann 'un a' t-sléibhe
Is gan mise bheith in éinfeacht,
Liom féin ins an oidhch'
Tá do theach ghá dhéanamh
Agus rúmaí geal' n-a éádan,
'S dá mairfeá-sa ann céád bliadhain
Níor bhfada leat do shaoghal.
(II)Tá na comharsanna ar gach taobh dhíot
Is fearr dhá bhfuil i nÉirinn,
Is binn guth na n-éan
Ins na gleannta a' dul a luighe
'S go mbfearr dhuit ann ar bhéile,
Ná dá bhfághfá plúir is tae innseo
Is ní racha' tú go h-éag
'Un an Gheata Mhóir aríst..
Tá bearnai ins an amhrán as seo amach ach seo línte eile:-Is nach deas é Bárr an t-Sléibhe
Nuair a bhíonns an ghrian ag éirighe,
Ní'l sneacht ' ar bhárr a' chraoibh ann
Ná sioc i ndiaidh na h-oidhch'
...................................................
Tá an sagart ann is cómharta (civilest)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mártain Ó Braonáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Lochnáin
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Chlaoideach, Co. Mhaigh Eo