Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)

Suíomh:
Cill Íseal, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Seán Ó Conaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “Ráite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá Seán go cáileamhail : sé sin, go bhfuil sé ar is gnáth leis : mar a bhíodh sé nó ag stracadh leis an saol agus an saol ag iomrascáil le Seán.

    Seo mar deirtear nuair a bítear ag moladh dinnéir : Blas na meala ar gach greim aus gan aon greim tur.

    Nua gacha bídh agus seana gache dighe.

    Rábaire, sé sin duine fiadhain ann féin - cuma liom 'fuilch'.
    Ruathaire, duine idir a bheith ina bhuachaill agus in fhear.

    Gadhgaire, sé sin duine caol, árd, lag.

    Tá d'eire d'iasc agat - tá d'uallach éisc agat.
    Tá sé ar eire aige seasamh - cuireann sé chun a dhícheall é seasamh.

    Ní theigheann stoirm thar Domhnach
    Ná rabharta thar Céadaoin.

    Níl tuiscint agam
    Níl tuiscint aige do'n asal.

    Ní theiheann lag air ach im' threasuhadh
    Tá Seán ag teannughadh na liathróide.

    Mhuise, nár dhéineadh sé geir duit - na Fuighir maitheas as
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Conaire
    Inscne
    Fireann