Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Cill Íseal, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 186](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0644%2FCBES_0644_186.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0644, Leathanach 186
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
- XML Leathanach 186
- XML “Ráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Táim básuithe ón bhfuacht.
Táim sgéite chun an bhídh - sclogaithe leis an ocras.
Cogar na ceilge tarrainge i mbeó = uncharitable gossip
Loma Luain ort. Is ar an Luan a dhein na feirmeoirí chur amach as a gcuid talmhantaí.
Le h-eagla ganntan am mo dhúile
Fanaidh is siar na chéile ar eagla go n-íosfadh sibh a chéile. Sin mar a deurfaí le daoine a bheadh ag alpadh a gcuid bídh.Fanaidh amach ón bhfalla i dtreó na buailfeadh sibh bhúr gcinn air. Sin mar a deurfaidh nuair a bheadh an fheoil éigin.
Paidir Chapaill - soisgéal fada agus gan ann ach gaoth.
Ag caitheamh clúdaithe na h-oíche leis an mhaidin - ag fanúint ró-fhada sa sop.Ag amhrán ag imeacht agus ag teacht ar ais. Sé sin, go geal gháireach i gcónaí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann