Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 145](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1039%2FCBES_1039_145.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 145
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean scéal.
:
Máire agus an caora.
Bhí rí agus báinrioghain ann aon uair amháin, agus bhí inghean acú. Bhí sí an dóigheamhail, agus bhí gach duine ag tuitim i ngrádh léithe. Fuair an bháinrioghain bás, agus phós an rí bean eile.
Bhí an bhean seo mar leas mháthair ag inghean an ríogh, agus ní rabh sí maith díthe ar chor ar bith. Bhí beirt inghean aicí féin, agus ní rabh siad deas, agus bhí éad ortha le inghean an ríogh.
Théidheadh siad un’ Aifrinn gach Domhnach agus bhiodh gach duine ag cainnt leis an cailín doigheamhail, agus ní bhíodh duine ar bith ag cainnt leis an bheirt eile. Bhí seo ag goilleadh go mór ar an leas mháthair, agus dubhairt sí go gcaitheadh inghean an ríogh fanacht sa bhaile gach Domhnach agus an dinneár [a] déanamh réidh.
Tháinig an Domhnach, agus b’ éigin díthe fanacht sa bhaile. Bhí sí ag caoineadh, agus go díreach annsin c[h]ualaidh sí an guth ag an doras ag rádh. “Caidé tá ort a Mháire.” (Máire an t- ai[n]m a bhí uirthí.)
D’amharc sí thart, agus chonnaic sí caora dhubh ag an doras. D’innis sí an sgéal do, agus d’iarr sé uirthí í féin a ghleasadh, agus a gábhail a marcuidheacht, agus go mbéadh sí i n- am, agus gan labhairt le duine ar bith, ach pilleadh abhaile comh tiugh géar agus t[h]iocfadh léithe, agus go mbéadh an dinneár réidh aige-san.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Nic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál O Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Kill, Co. Dhún na nGall