Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Na Trí Chomhairleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé ann.
    Nuair a bhí sé mall san oidhche tháinig an cailín óg agus tailúir a bhí in a chomhnuidhe ar giota eile de’n talaimh go dtí an cochán sgaithte agus shuidh siad san ann fosda. Thoisigh siad ag cainnt, agus bhí siad indiaidh an t-seanduine a marbhadh, agus chuir siad hainceirsin síoda thart ar a mhuineál agus thacht siad é. Bhí fhios aca dá ndeanfadh siad é le hainceirsin síoda nach mbeadh mairc ar bith fághtha an a mhuineál. Chualaidh an fear gach rud a dubhairt siad, agus d’imthigh an beirt aca arais agus ní rabh sé bhfad gur chuir siad an sgéal amach go rabh an sean fhear marbh. Chuaidh an fear go dtí an teach agus dubhairt sé gur mharbh an tailúir agus an cailín óg, sin bean an t-seanduine an seanfhear. D’innis sé an sgéal o thuas go deireadh, agus cuireadh an bheirt aca go dtí an priosún.
    D’imthigh an fear leis annsin agus bhí sé mall sa’n oidhche nuair a bhain sé a theach fhéin amach. Bhuail sé ag an doras agus leig a bhean asteach é. Bhí buachall mór láidir in a luigh i leabaidh a bhí sa’n cheisteanach agus síl an fear gur fhás a bhean ath uair agus gur sin an dara fear. Bhí sé ag gabháil a chathadh amach é ar tús, ach smaointigh sé ar na comhairleacha agus thug sé trí coiscéim ar chúl agus trí (cean) coiscéim ar aghaidh. D’innis a bhean do annsin gur a mac féin a bhí ann agus bhí lúthgháir air é a fheiceáil.
    Thug sé na tuirtiní dó a bhean nó níor ith sé an ceann beag. Gheárr a bhean an ceann mór ar tús agus fuair sí an t-airgead a bhí astoigh ann. Bhí lúthgháir ortha an t-airgead a fhághail. Annsin rinne a bhean tar dó agus dhith siad an tuirtín beag. Chomhnuidhe siad le chéile go sona sásta o sin amach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán O Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70