Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 195
- XML “An Claíomh Solais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear go rabh fiche punt aige le tabhairt dóbhtha san agus nach leigfeadh siad sa’n do na daoine é a chur go bhfuigheadh siad sán an t-airgead. Thug an buachaill an fiche punt dóbhtha agus d’imthigh sé leis gan pighinn amháin aige.
Ní rabh sé i bhfad gur casadh fear beag air le bríste geal, cóta gorm agus bearad glas. D’iarr an fear beag ar an gasúr é a leanstan, agus rinne sé sin. Chuaidh siad isteach un na choilleadh agus giota beag uatha bhí teach deas le feiceál. D’iarr an fear beag ar an ghasúr a ghábhail suas fhad leis an teach agus go bhfuigheadh sé loistín ann go maidín, nó bhí an oidhche ag teacht. Nuair a bhínn fear beag ag gábhail ar shiubhail dubhairt sé dá gcuirfeadh fear an toighe ceist air, nuair a rachadh sé go dtí an teach cia thug eolas an bhealaigh dó go dtiocfadh leis innse gur fear beag le cóta gorm, bríste geal agus bearad glas. D’imthigh an ghasúr go dtí an teach agus chuir sé ceist an bhfuigheadh sé loistín. Dubhairt an fear go bhfuigheadh. Annsin chuir fear an toighe ceist air cia thug eolás an bhealaigh do. Dubhairt seisean an rud a d’iarr an fear beag air rádh.
Nuair a tháinig an oidhche fuair sé a shuipeár, agus nuair a bhí sé ag gábhail a luighe d’iarr fear an toighe air gan a ghábhail ar shiubhail ar maidín go bhfeicfeadh seisean é. D’eirigh sé ar maidín agus fuair sé bhricfeasta.
Nuair a d’eirigh fear an toighe dubhairt sé leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70