Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 197
- XML “An Claíomh Solais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear bá laidre sa’n domhain. (Rachc) Dubhairt an ceathramh fear go rachadh seisean leis. Annsin d’fhiafruigh an buachaill do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Fios mhac Fios a b’ainm do agus go bhfuil fios aige air gach rud a tharlochas sa domhain. Dubhairt an cuigeadh fear go racadh sé leis. D’fhiafruigh an gasúr do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Gaduidhe mhac a Ghaduidhe an t-ainm a bhí air, agus go dtiocfadh leis an ubh atá faoi an chórr mhónadh a ghuid. Dubhairt an fear deireannach go rachadh seisean leis. Annsin d’fhiafruigh an gasúr do caidé thiocfadh leis a dhéanamh. Dubhairt sé gur Sleis mhac Sleis an t-ainm a bhí air, agus go dtiocadh leis bad a sheóladh go ceithre cearn an domhain.
Chaith Sleis mhac Sleis ceithre sleis bheaga ar an Fhairrge agus rinne sé long breagh. Chuaidh siad uilig ar bórd, agus níor stad siad go rabh siad sa Fhrainnc. Annsin d’iarr Fios mhac Fios ar Ghaduidhe mhac a Ghaduidhe agus Dreapaidhe mhac a Dreapaighe ghábhail suas go dtí an chaisleán.
Chuiadh an bheirt aca suas agus nuair a bhí siad shuas ag an áit chuir Dreapaidhe mhac a Dreapaidhe Gaduidhe mhac a Ghaduidhe ar a dhruim agus chuaidh siad suas go dtí an triomhadh urlár. Annsin chuaidh Gaduidhe mhac a Ghaduidhe isteach ar an Fhuinneóg agus chuaidh síos na staighre. Nuair a bhí sé thíos ag an chead urlár cuaidh sé isteach i seomra agus bhí sean bhean ina codladh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70