Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)

Suíomh:
Fionntrá, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 86

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1039, Leathanach 86

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fionn-Tráigh
  2. XML Leathanach 86
  3. XML “Iníon an Ghobáin tSaoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Inghean an Goban Tsaoir.
    Bhí fear i n- Éirinn uair amháin, agus an t-ainm a bhí air an Goban Saor. Bhí naonbhar mac aige, agus bhí comhursa aige, agus bhí naonbhar inghean aige-san, agus gan mac ar bith.
    Lá amháin dubhairt an Goban Saor le na bhean dá mbéadh duine eile clainne aca, ma’s inghean a bhéadh ann go mairbhfeadh seisean í, agus dubhairt an fear eile da mbéadh mac ar bith eile aca go mairbhfeadh seisean é.
    Bhí duine eile ag an ghobán, agus inghean a bhí ann agus rinne bean an Ghobain malairt leis an bhean eile, agus annsin shíl an Goban gur a mhac fhéin a bhí ann. Shíl an fear eile gur a ingean fhéin a bhí ann.
    D’fhás siad uilig suas go dtí sa deireadh nach rabh inghean ar bith fágtha; bhí siad uilig pósta. Lá amháin dubhairt an gobán le na mhac go gcaithfeadh sé pósadh; nach rabh an mháthair in-innibh an obair a dhéanamh, agus dubhairt an mac nach an uile bhean a shásachadh eisean
    D’iarr an t-athair air molt a mharbha agus an croiceann a thabhairt leis ‘un aonaigh, agus cíbé ’n bhean a bhéarfadh an t-airgead agus an craiceann do arais gur sin an bhean a gcaithfeadh sé posadh Bhí sé gabhail fhad leis an uile aonach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Brian Ó hEaghartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Bogach, Co. Dhún na nGall