Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá da rabh Fionn agus na Fianna ag tóruigheacht Dhiarmuid agus Gráinne ar bhantaibh ghlasa Tír Chonaill ca mbuaileadh an oidhche ortha acht iad ag a bhainne ag ceann Báidh Luathrais Big an áit ar a dtugtar anois Mullan Tighe Móir. Bhí dún ag na Fianna annseo agus é arduighthe go máith oscionn cothrom na talamh agus é ciorcalach agus fá thuaram deich dtroighthe in aoirde. Ar mullaich seo bhí an teach acu. Teach mór adhmaid a b'eadh é agus neart coillte ar gach taobh de le fasgadh a deanamh dó.
Ca bith bhí na Fianna tuirseach go máith agus ní ró fháda go dteachaidh siad a chodladh acht fágadh Conan Maol ar faire trith na h-oidhche. Cuaid Fioinn agus a chuideacht a chodladh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomas 'Ac A Goill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Sceadamán, Co. Dhún na nGall