Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 290
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ina chomhnuidhe i Mhearaic fadó. Ní rábh aon duine ina gcomhnuidhe ins an teach seo acht é fhéin.”
Bhí fear ina chomhnuidhe i Mhearaic fadó. Ní rábh aon duine ina gcomhnuidhe ins an teach seo acht é fhéin. An oidhche seo nuair a bhí sé ag ithe a shuipear chualaidh sé buille beag ag an doras. Chuaidh sé amacha go bhfeicfeadh sé cé bhí ann. Cé bhí ann acht sean fhear agus feasóg fhada liath air. "Car bhús tú" "O" arsa seisean. "Níl áit ar bith comhnuidhe agamsa." "Cé an dóigha tháinig tú annseo." "Bhí mé in gach tír san domhain agus is mé an agus is mé an Lúdach Fánach. Rugadh mé aon agus deich mbhliadhna sul a chuir siad ár Slánuightheoir un bháis. Is cuimhne liom go maith ar an lá a cuireadh É 'un bháis. Nuair a bhí Sé ag gabháil go geafta agus bhí mise in mo sheasamh ag an gheafta. Bhuail mé Dia agus thionntuigh sé thart chugam. Dubhairt Sé liom go gcaithfinn fanacht go lá na gCreach. Ón lá sin go dtí an lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Ní Bhreisleáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ard an Amhairc, Co. Dhún na nGall