Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí mac aige agus an t-am a rabh an mac ag teacht suas bhí sé treisiúnta go maith. Thug an t-athair foghluim maith don mhac comh maith agus thiocfadh leis a thabhairt dó. Nuair a bhí sé ina fhear óg dubhairt an t-athair leis cibé céird i bhfearr leis go mbéadh sé sásta oiread a chailleadh leis acht é a bhéith ina fhear maith céirde. Seo rogha an mhic. Dubhairt an mac leis na mhiste leis ghul le aon chéird acht na nglacfaidh sé le aon chéird go bráthach acht le gaduidheacht. Nuair a chualaidh an t-athair seo ní rabh sé sásta ar chor ar bith. Bhéadh an t-athair sásta ceird ar leith i nglacfaidh acht le gaduidheacht. Dubhairt an mac go rabh maighistir maith aige a mhuinfeadh do chuile pionnte gaduidheacht agus gurb é sin an Gaduidhe Dubh. D'imthigh sé fhéin leis fhad(leanann ar an chéad leathanach eile)