Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 286
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann uair amháin. Nocharach o Baoghall an t-ainm a bhí ar. Lá amhain bhí sé ar an chnoc ag cuartughadh caoirigh.”
Bhí fear ann uair amháin. Nocharach o Baoghall an t-ainm a bhí ar. Lá amhain bhí sé ar an chnoc ag cuartughadh caoirigh. Nuair a bhí an oidhche ag teacht tháinig ceo ar an chnoc agus chuaidh sé ar seachran. Chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus chuaidh sé go dtí an áit a rabha n solas. Chuaidh sé isteach agus bhí bean na suidhe ag an teinidh, agus bhí pota uisge galach ar an teinidh aici. D'iarr Nocharach uirthe an rabh céad aige fanacht go maidin. Dubhairt an bhean nach rabh céad aige fanacht ar feadh tamall. Annsin d'innis sí an sgéal dó go rabh a fear mharbh agus go rabh sise ag gabhail síos go dtí teach a comharsann, agus go mbéadh sí arais gan mhoill. Nuair a bhí sí tamall ar(leanann ar an chéad leathanach eile)