Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 242
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Nuair a Fionn Mach Chumhail pósta chupla bliadhain fuair an bhean bhas agus bhí an bhrón ar Fhionn na diaidh, agus rinn sé suas ina inntin nach bpósfadh sé arist.”
Nuair a Fionn Mach Chumhail pósta chupla bliadhain fuair an bhean bhas agus bhí an bhrón ar Fhionn na diaidh, agus rinn sé suas ina inntin nach bpósfadh sé arist. Acht aon lá amháin chas cailín deas air, agus Gráinne an t-ainm a bhí uirthí. D'iarr Fionn uirthí "An bpósfaidh tú mé" acht dhiúltaigh sí é. Chuaidh Fionn ar an bhomaite go dtí an t-athair a bhí ina rí; agus chuir sé ceist air an dtabharfadh sé cead dó a inghean a phósadh. Thug Cormac cead dó acht ní phósfadh Gráinne é mar shíl sé go raibh sé ró-shean.
Ina dhiaidh sin dubhairt sí go bpósfadh sí é, agus rinneadh amach lá an phósta. Nuair a bhí na daoine uilig cruinnuighthe isteach ins a theach an oidhche sin. Bhí gach duine ar meisge acht Gráinne í fhéin. D'amharc sí thart agus chonnaic sí go rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)