Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 288
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí ceathrar fear ann aon lá amháin agus shíl síad go rachfad síad go aonach i dTamháin an t-Salainn le greusan bainin a dhíol.”
Bhí ceathrar fear ann aon lá amháin agus shíl síad go rachfad síad go aonach i dTamháin an t-Salainn le greusan bainin a dhíol. Thoisigh siad ar an turas acht ní shroich siad Tamháin an t-Salainn agus b'éigin dóbhtha loistín a fhághail.
Chás fear ortha nuair a bhí siad leath bhealaigh agus dubhairt sé leobhtha go bhfuigidh siad lóistín ins an teach seo dá mbéadh siad abalta chodlaidh ann.
Ni rabh fhios ag na fir go rabh rud ar bith ina cheart leis an teach agus chodluigh siad ann. Chuir siad síos téinidh, agus lás siad lampa a bhí i gcúl an phréis agus annsin d'ith siad a suipear agus chuaidh siad i luighe acht ma dtachaidh fhéin ní rabh siad abalta chodladh. Lár na h-oidhche thóisigh an tormán agus an chainnt, agus b'éigin do na fir éirigh. Chuaidh siad un na cisteannaigh agus lás(leanann ar an chéad leathanach eile)