Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 122
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bheireadh na daoine isteach do mórán rudaí fad ó shoin go mór mhór do phisseogaí. Creid siad da dteighthea isteach i dteach agus a ghabháil isteach ar doras amháin agus a ghabháil amach ar doras eile go bhfágtha d’ádh in do dhiaidh sa teach sin. Shíl siad fosda go rabh daoine ann agus go dtiocfadh leo draoidheacht a dhéanamh. Shíl siad go dtiocfadh leo an draoidheacht seo a dhéanamh ar bó nó capall. Droch amharc an t-ainm a dtugadh siad ar draoidheacht sin. Shíl siad nuair a dhéanamh duine ar bith an droch amharc seo ar beathach ar bith go bhfuigheadh an beathach sin tinn agus nach bhfuigheadh sé biseach a choidhche. Shíl siad fosda da mbeitheá a ghabháil ar astair fada agus cailín agus gruaig dearg uirthe a chastal ort an chéad duine nar cheart duit a ghabhail ar an astair sin nó go mbainfeadh tais me duit ar an bhealach. Chreid na seandaoine fad ó shoin da dteightha amach idir cosaibh fear agus tú an óg nach mbeitheá mór a choidhche. Chreid siad fosda do mbeitheá a ghabháil ar astair agus sneag breach a chastal ort go mbeadh mí ádh ort an lá sin. Acht da bhfeicfea triúr acú go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seághan O hÉigheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall