Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 185
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Aon uair amháin bhí gasúr ann darbh ainm dó Éamonn Ó Dhomhnaill agus bhí dúil mór aige i gcaiple.”
Aon uair amháin bhí gasúr ann darbh ainm dó Éamonn Ó’Dhomhnaill agus bhí dúil mór aige i gcaiple. Bhí sé ag a hathair gach lá chun chapall a cheánnacht dó. Sa deireadh nuair a bhí a h-athair tuirseach de ag iarraidh air capall a cheannacht, dubhairt sé le Éamonn gabhail godtí fear darbh ainm Pádraig Mór fa choinne ubh capaill.
D’imthigh an gasúr ag tarraingt ar theach Phádraig Mór. Chuaidh sé isteach agus d’iarr ar Pádraig ubh capaill a thabhairt dó. Bhí fhios ag Pádraig go maith nuair a chualaidh sé an rud a bhí an gasúr ag iarraidh go raibh duine eighinteacht ag imirt geleas air. Annsin dubhairt Pádraig leis fanacht san áit a raibh sé go bhfuigheadh sé an ubh. Chuaidh sé amach agus ba ghoirid go dtáinig sé arais meacán mór bán in a lámha leis agus dubhairt sé le Éamonn gur bhí sin an ubh. Dubhairt Pádraig leis í a chur faoi gé ar feadh trí seachtmhaine. Chuaidh Éamonn un abhaile an bródamhail agus an ubh leis in a lámha agus é i radh leis féin go mbéadh capall aige sa deireadh.
Bhí sé comh bródamhail as an ubh go dtáinig sé abhaile inaithghiorra agus níor smaoitigh sé ariamh go raibh aige abhann a gabhail trasna agus ní raibh ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Ó hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall