Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 165
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear istigh i n-Gleann uair amháin agus bhiodh sé ag déanamh poitín.”
Bhí fear istigh i n-Gleann uair amháin agus bhiodh sé ag déanamh poitín. Smaoitigh sé lá amháin go dtabharfadh sé crúsca de fhad le Árd an Ratha go ndíoladh sé é. Thug sé leis an capall agus ghléas sé í agus dimthigh leis.
Nuair a bhí sé ag gabháil síos Gleann Gheis sleamhnuigh an bheathach air agus thuit sé agus bhraiseadh an crúsed agus dóirteadh an phoitín. Luigh an bheathach síos agus shíl an fear go raibh sí marbh. Thug sé amach a sgian agus bhain sé an craiceann dithe. Dimthigh se leis síos go h-Árd an Ratha leis an craiceann.
Nuair a dimthigh an fear d'ól an capall an poitín d'en bhealach mhór agus nuair a thainig an fear bhí an capall 'na seasamy ar an ród agus í ar meisce agus ghan aon dath craiceann uirthe. Bhí dhá chaora na sheasamh taobh istigh se'n chlaidhe. Thug sé amach an sgian agus mharbh sé an bheirt agus bhain sé an craiceann daobhtha. Thug sé leis an craiceann agus chur se thart ar an bheathach é. Annsin ní rabh snáthad ar bith aige le é a fhuaghail.
Dimthigh sé leis agus bhain sé slatacha agus d'fuaghail sé an craiceann leis na slataca. I gcionn tamaill thoisigh an olann a fás ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall