Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 152
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí beirt dearbhrathair ann aon uair amháin dar bh'ainm Mícheál agus Pádraig. Bhí an bheirt acu na chomhnuidhe ar fhéirm amháin.”
BhI beirt dearbhrathair ann aon uair amháin dar b’ainm Mícheál agus Pádruig. Bhí an bheirt acu na chomhnuidhe ar fhéirm amáin.
Tháinig bean agus a n’inghean as Méiricéa agus bhí siad an saidhbhir. Do phós Pádruig n’ingean na mna agus thug sé a chuid de na ba agus na caoraigh leis agus bhí siad na chomhnuidhe leo féin.
Annsin do phós Micheal. Chuaidh dhá bhliadhian dhéag thart agus bhí deichneabhar de chloinn ag Mícheá agus ní rabh duine ar bith ag Pádruig. Bhí Micheál ag éirighe an bhocht agus bhí Pádruig ag éirighe an saidhbhear. Aon oidhche amháin tháinig fear bocht go teach Michíl agus do choinnigh sé an fear bocht go maidín.
Nuair a bhí siad réidh le gabhail i luighe d’iarr an fear bocht ar fear an toighe suipear a dhéanamh fa choinne na páistí. Dubhairt seisean nach raibh suipear ar bith aige agus arsa an fear bocht tá sin olc go leór agus de dhearbhrathair comh saidhbhear sin. Dubhairt an fear bocht annsin go rachaidh an bheirt acu anonn go páirc a dhearbhrathar agus go guideadh siad caora amháin. Rinne siad sin agus bhí suipear maith acu an oidhche sin.
Lá ar na bharach chuaidh a dhearbhrathair amach go bhfeicfeadh na caoirigh agus bhí fhíos aige go rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Choilín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Mhín Bhuí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séan O Baoighill
- Inscne
- Fireann