Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 174
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Orú Chonaill nach truaigh leat mo sgéal”
(I)
Orú Chonaill nach truaigh leat mo sgéal,
‘Rádh mise bheith fán mar áta,
I mbaile gan sonas gan séin,
Gan áiteach, gan éan, gan ál.
Bfhearr liom nach dteachaidh mo phór,
I dtalamh faoi fhód go bráth;
No bheith ag éisteacht le bárraí tráith-lóir
Agus na tonnaí le thón na n-ált.
(II)
Orú nach claoidhteach an obair ar Eóin,
Ag buachailleacht bó gach lá,
Ar léanta chomh lom le tráigh-lóir
‘Gur gan tonnaí le tón na n-ált
Tá Creapasdúin Mucrois ró-tréin,
‘Gur ní dhíoluighead sé le Gaedhil no Ghall,
Ní stapadh sé gunna no cláidheamh
‘Gur tá cláidheamh aige a reubfad an t-saoghal
(III)
Acht da mbeadh Muin a Searraigh ‘ar gcóir,
Ní coimhéadann bó go Cásg;
Is measa liom Nellie agus Eóghain.
No asfaidh gach oighre bháis.
Acht anois da gchaillinn-sa’n rádharc,
Ní fheicinn an feur a’ fás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall