Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 167
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus chuaidh sé 'un mhargaidh le cú a cheannacht.”
Bhí fear ann aon uair amháin agus chuaidh se ‘un mhargaidh le cú a cheannacht. Nuair a thug sé an cú abhaile bhí gasúr de cuid na comharsain istuigh. Dubhairt an fear leis an ghasur go gceannuighead sé léine úr do da n’innseadh sé do cá h-áit a bhfaca sé gearrfhiadh, go bhfeiceadh siad an raibh an cú maith.
Nuair a chuaidh an ghasúr abhaile d’innis sé caidé dubhairt an fear leis. dubhairt an mháthair mhór leis go dtionntuighead sí í féin isteach ‘na gearrfhiadh agus go rachaidh sí isteach i dtom. Abair thusa leis an fhear an cú a leigint amach, go bhfaca tú gearrfhiadh i léitheid seo d’áit. Annsin leig an fear an cú amach agus rith an gearrfhiadh amach as an tom agus bheir an cú air agus bhain sé greim as agus ghearr an cú an gearrfhiadh uilig.
Thoisigh an ghasúr a béicfidh ó mháthair mhóir “is daor atá tú ag ceannacht mo léine”. Dimthigh an gearrfhiadh ar an cú. Lá ar mharach bhí an mháthair mhór na luighe agus í an tinn. Annsin bhí fhíos ag na daoine gur í a bhí ‘ na gearrfhiadh an lá roimhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Ní Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall