Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 216
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(16) Is olc a t-síon nach fearr do duine – eighinteacht.
(17) Muna ndéanfaidh tú do gnaithe i n-am béidh tú do phleidhseam.
(18) Is fearr stuaim nó neart.
(19) Éist mórán agus can beagán.
(20) Níor dhún Dia bearna ariamh nár fhoscail sé ceann eile.
(21) Ní hé fear mór an fear oibre.
(22) Gheobhaidh cos ar siubhal rud nach bfuighidh cos na comhnuidhe.
(23) Ní théigheann cuileóg san bhéal a bhíos dúnta.
(24( Is maith Dia go lá.
(25) Tá cú mall sona.
(26) Tús maith leath na h-oibre, misneach maith leath na h-éachta.
(27) An fear nach glacann comhairle glacann sé comhrac.
(28) Is fearr éan in do láimh na beirt ar tom.
(29) Sé an rud is annamh is tongantaighe.
(30) Na bain d’on rud nach mbaineann duit.
(31) An té nach bhfuil ciall aige bhearfaidh an saoghal ciall dó.
(32) Is fearr ubh indiu nó dhá ubh i mbárach.
(33) Is furust a rádh acht is doiligh a dheánamh.
(34) Is neise comhair Dé na ursa an doras.
(35) Is fearr go mall nó go bráthach.
(36) Mas fada an lá tiocfaidh an oidhche fá dheireadh.
(37) Is glas na cniuc i bhfad uainn ach M’as glas ní féaramhail.
(38) Abair beagán as leig mórán thart.
(39) Is maith dia fá na bróga ach an leathar a bheith agat fhéin.
(40) Marbh le tae marbh gan é.
(41) An rud is measa leo do bháis b’féidir gur clar do leasa é.
(42) An rud a cruinnightear go cruaidh imthigheann sé go réidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ua hÁsgáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall