Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 217
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(43) An rud a gheibtear go réidh ní shiltear dadaidh de.
(44) Má tá adh ar bith ann is é an cos siubhal a gheobhas é.
(45) Is ar mhaithe leis fhéin a gnídheas an cat crónán.
(46) Bean gan páiste, bean gan leith – sgéal.
(47) Is fearr greim coinín nó dhá greim cat.
(48) Dá gcuirfeá spéis ins an Carn – aoiligh níor léar duit a dúlagán.
(49) Níor léigheadh ariamh cé aca a bfearr, luathas nó mall; acht bheith i n-am ag Aifreann Dé.
(50) té nach bhfuil ní folair dó bheith glic.
(51) Fear gan cainnt fear gan airgead.
(52) Is bocht an rud a bheith ró-sanntach.
(53) Ní dheanfáidh cainnt cásóg.
(54) Is fusa a rádh na a dheánamh.
(55) Muinnteardhas muice do charnán phréataí.
(56) Is ionann le cheile ball seíre a’s a ghiolla.
(57) Trí nídh gan mhait.
Portach ar sliabh.
Coill i bhfad uait agus
Ciall i gceann duine bhoicht.
(58) ‘Gach aon mar oiltear é : da dtógtaí i mbachta mónadh is ann a bhfearr leath a beith’
Bhí gasúr beag sean aimseardhá ina comhnuidhe ar na Caislíni fad ó shoin. Dimthigh sé o bhaile agus nuair a tháinig sé arais bhí muinntir na h-áite ag fiafruigh dé ce’n dóigh ar taitín an áit leis. Dubhairt an gasúr : “Gach aon mar oiltear é, da dtogtái i mbachta monádh is ann a b’fearr leat a beith”.- Faisnéiseoir
- Tomás Ua hÁsgáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall